← Le Niall Ó Domhnaill Seanchas Na Féinne (Oifig an tSoláthair, 1942) 🔊
← Is minic sa Bhéaloideas gur le hOisín a bhíonn na comhráití ag Naomh Pádraig (Laoithe na Féinne, m.sh.) 🔊
← "Cuirse é le rath m'anama agus le rath anam Rí na Féinne". 🔊✎
← "Bhímis inár gcónaí sna tithe ó Shamhain go Bealtaine agus amuigh faoi na caoillte agus ar na sléibhte ó Bhealtain go Samhain. 🔊✎
← Bhí orainn cóir a chosaint agus éagóir a chosc do ríthe agus do thiarnaí na hÉireann. 🔊✎
← Ar a shon sin ba linn féin seilg na tíre, an fheoil a bheith mar bhia againn agus na craicne mar thuarastal. 🔊✎
← "Shuíodh Fionn ina bhoth seilge i mullach cnoic de ghnáth agus scaipeadh na Fianna amach ar fud na dúiche timpeall air. 🔊✎
← Chuiridís fáinní seilge ar na coillte agus na tulacha agus thiomáinidís beithigh allta na tíre isteach rompu. 🔊✎
← Ba bhinne ná gach ceol, a Chléirigh, gáir na bhfear ag seilg na conairte agus scread na na gcon ar thóir na seilge go mbíodh smut gadhair agus lámh laoich dearg le fuil, beithigh ina luí marbh agus giollaí faoi ualach ag cruinniú an áir". 🔊✎
← "Thógaidís botháin agus chóiridís leapacha le teacht na hoíche. 🔊✎
← B'shin iad trí cuilce na Féinne". 🔊✎
← Dá mbainfeadh craobhacha na coille dlaoi dá chuid gruaige. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎